School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 253
- XML “Scéalta Greannmhara”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tugadh cupla gloine dhó agus in a dhiaidh sin tugadh mug mór anbhruith dó. D'ól sé é sin freisin agus d'eirigh sé on leabaidh annsin mar d'aithruigh sé é fein ag eirigh tinn. Chuaidh sé sios ag an teine agus chuir sé steáll mór den rud a bhí olta aige amach. Sgearr gur chuir sé taoisg eile amach sá teine agus é shuidhe in aice na teineadh. (?) Las sé sin agus dhoghadh a chrombeal agus an feasóg a bhí air agus gruag a chinn agus a eadan. Bhí sé dona go leor annsin agus ní bhfuair duine ar bith san ait amharc ar go ceann sé míosa. Tharla go bhfuair sé droc thinneas in a dhiaidh sin. (-) agus thuit an sean chraiceann de ar fad agus as sin amach bhí sé chomh dhathamhail is bhí sé ríamh. Níor thóg sé Pledge anaghaidh óil nu tada. Di'iarr mé fein de lá amhain gur chas sé liom an mbeadh faitchíos air deoch a ól. Dubhairt sé nach mbeadh acht ar seisean "go mbeinn cinnte nach mbeudh bó adharcach i ngar dom". Mhair sé 'na shlainte go raibh sé os cionn na deich mbliana is ceithre scór.(continues on next page)