Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)NIMBLE DICKCeannaidhthe i bhí ins na Mairtínigh, agus bhí comhnaidhe ortha i nGaillimh. Ceann do na Ceithre Treibheanna déug do beadh iad. Le linn aimsire fuaireadar greim ar chuid mhaith talmhan timceall na Gaillimhe - ar an Daingin tuairim's trí mhile thaobh thiar le Gaillimh - sa Ros, idir Magh Uilinn agus Uachtarárd. Fuair Nimble Dick Mairtín Conamara ar fad beagnach ó Líám Buidhe theis Cath Eachdroma.Ba mhac le Ribeird Máirtin Nimble Dick. Bhí beirt mhac eile aige seo - Ribeird - Jasper agus Seumas. Cailleadh Jasper, agus fuair Seumas talamh agus teach mór a athar. Ni raibh ait ar bith ag Nimble Dick, acht bhí sé 'na dhligheadóir.Phos Nimble Dick e Caitlin a Frins, duine eile a bhain leis na Treibheanna. Throid sé le Seumas ag Briseadh na Bóinne, agus in a dhiaidh sin ag Eacdruim Ui Cheallaig. Tá sé raidhte gur shabhail sé dream beag priosúnach a bhí gabhtha ag Arm na hEireann, agus a bhí le bheith curtha chun báis. Biodh sin mar atá tar eis Briseadh Eacdroma chuaidh Nimble Dick i lathair Gincle agus gheall sé a bheith dilis do Liam Buidhe as sin amach. Diarr sé ar Gincle Iar Connacht ar fad a thabhairt do - agus go dtogfadh sé bailte ann,(leanann ar an chéad leathanach eile)