School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 141

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 141

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 141
  3. XML “Na Flaithbheartaigh agus Seanchaisleáin na hÁite”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    NIMBLE DICK
    Ceannaidhthe i bhí ins na Mairtínigh, agus bhí comhnaidhe ortha i nGaillimh. Ceann do na Ceithre Treibheanna déug do beadh iad. Le linn aimsire fuaireadar greim ar chuid mhaith talmhan timceall na Gaillimhe - ar an Daingin tuairim's trí mhile thaobh thiar le Gaillimh - sa Ros, idir Magh Uilinn agus Uachtarárd. Fuair Nimble Dick Mairtín Conamara ar fad beagnach ó Líám Buidhe theis Cath Eachdroma.
    Ba mhac le Ribeird Máirtin Nimble Dick. Bhí beirt mhac eile aige seo - Ribeird - Jasper agus Seumas. Cailleadh Jasper, agus fuair Seumas talamh agus teach mór a athar. Ni raibh ait ar bith ag Nimble Dick, acht bhí sé 'na dhligheadóir.
    Phos Nimble Dick e Caitlin a Frins, duine eile a bhain leis na Treibheanna. Throid sé le Seumas ag Briseadh na Bóinne, agus in a dhiaidh sin ag Eacdruim Ui Cheallaig. Tá sé raidhte gur shabhail sé dream beag priosúnach a bhí gabhtha ag Arm na hEireann, agus a bhí le bheith curtha chun báis. Biodh sin mar atá tar eis Briseadh Eacdroma chuaidh Nimble Dick i lathair Gincle agus gheall sé a bheith dilis do Liam Buidhe as sin amach. Diarr sé ar Gincle Iar Connacht ar fad a thabhairt do - agus go dtogfadh sé bailte ann,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
      2. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish