Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 131

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 131

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 131
  3. XML “Aimsir na Géarleanúna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go raibh an abhainn caithte ag an bhfear eile, chaill sé an chuid mhisnigh, agus d'fhan sé annsin i n-aice na h-aibhne go dtainic Mac Uí Laidhigh suas leis. Bhí píce ag Seán, agus bhí claidheamh ag an bfear eile. D'eirigh troid eatorra agus mharbhuigh Mac Ui Laidhigh Seán na Sagart.
    Nior dearnadh aon feall ar sagart sa n-áit seo as sin amach.
    As sin amach ní raibh cead ag aon fhear do shloinneadh Maoldhomhnaigh Sacramuint na hOrd Beannuighthe a glacaint, i ngeall ar an droch chail a bhí amuigh ar an dream sin. Tuairim's trí scór bhladhain ó shoin rinneadh sagart d'fhear as an ait seo a b'ainm dó Seosamh O Maoldhomhnaigh. Ba's an Phairc é, i bPárraisde Cille Aithninn, Roscathail, Co. na Gaillimhe. Chailleadh é tuairim is 25 blíana o shoin. Dubhradh liom go mbeigin do a shloinneadh d'athrú, sloinne eile Maoileóin a ghlachadh sul a leigfí isteach i gColaisde é, nu sul a dtiubharfaí cead do Ord Beannuighthe a glacaint.
    Nóta: Ní feidir liom a radh le h-aon chruinneas ce mheidh den cunntas seo atá fior - acht tá sé scriobhtha agam-sa reír mar a chualaidh mé féin é ó:-
    Sean O Laidhigh, An Polach, Roscathail, Co. na Gaillimhe
    Sean fhear do beadh é a d'eag 11 bladhain o shoin anois i n-aois a 73.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Laidhigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    An Pollach, Co. na Gaillimhe