Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Chuimín
- XML Leathanach 114
- XML “Muintir Laidhigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhíodar 'na suidhe ag an mbord tugadh an posta leite ón teine 7 fagadh ar an urlár é. Fuair bean an tíghe cruisgin mór 7 líon sí é le uisge te 7 an brochan 7 chaith sé an meid a bhí sa gcruisgin isteach i neadan na bFlaithbheartach. Ní raibh suil acu leis sin, 7 do dhóghad sé go mór iad. GHeiteadar de leim agus amach leo an doras. Do sgiob an fear óg, a bhí ag fanacht taobh amuigh den doras na cloigne de seisear do na Flaithbheartaigh. D'éirig le ceann acu ealodh slán.
Bhí ead idir an dá dhream 'na dhiaidh sin 7 tamall in adhiaidh sin tharla go raibh troid eatorra. Bhí an seanfhear do Mhuinntear Laidhigh 7 triur mac leis, & fear eile, Breatnac do bainm do ag fiadhach. Casadh cuig ghear deug do na Flaithbheartaigh orra. Bhí faitcios ar an gcuigear 7 bhí futha teicheadh le na namam . Ach labhair an seanfhear leo agus dubhairt sé
"Leis an gceud ruathar feadfaidh muid cuigear acu a bhaint amach, casfaimid annsin 7 bainfidh muid cúigear eile amach, 7 ceard a bhéas fágtha annsin ach fear an aghaidh fir."
"Níl aon claidheamh agamsa" adeir an Breathnach.
"Fan le m'ais" adeir an seanfhear. 'agus fágh greim ar chlaidheamh an fhir a thuiteas le mo chéud bhuille"(leanann ar an chéad leathanach eile)