Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Chuimín
- XML Leathanach 113
- XML “Muintir Laidhigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fadó bhí limistéar mór talmhan i nIar Connacht i seilbh Muinntear Laidhigh. Bhí an duithche seo ag síneadh ó Loch Coirib ó Chaladh na Muc síar go dtí an fhairrge. Bhí an talamh seo saor acu ar feadh i bhfad acht sa deire shaoil Muinntear Flaithbheartaigh cíos nu cáin a chur ar Mhuinntir Laidhigh i ngeall ar an talamh, agus lá amháin chuir na Flaithbheartaigh mórsheisear far ag togáil na cíosa seo. Ní raibh aoinne istigh i dtigh ui Laidhigh acht seanfear an tighe 7 a bhean agus a dtriur mac. Nuair a chonnaic an sean-fhear ag teacht iad d'orduigh sé dá mhnaoi pota brochain a chur síos agus é do bhruith. Rinneadh é. Annsin dorduigh sé a mhac, an mac ba shine a chlaidheamh fein a bhí faoi'n leabaidh a thabhairt leis, 7 sa gcaoi nach bhfeicfeadh na Flaithbheartaigh é, dubhairt sé leis a thabhairt amach faoi a chloca, 7 a bheith in a sheasamh taobh amuigh don doras 7 nuair a rithfeadh na Flaithbheartaigh amach an doras na cloigne a bhaint diobh.
D'eitigh an mac ba shine an gníomh a dheunamh, 7 ní raibh an dara mac sásta é a dheunamh acht an oiread. Dubhairt an mac b'óige go raibh sé fein sásta é a thríal, thug sé an claidheamh leis agus ghabh sé amach.
Tugadh biadh do na Flaithbheartaigh, 7 nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)