Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)

Suíomh:
Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cáit Ní Choisdealbha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 033

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 033

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
  2. XML Leathanach 033
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Séan an raibh aon sgéal nuaidh aige nó cén áit a bhí aige cheana agus dubhairt sé go raibh sé ag coinnéal caráin muice as garrdhaí phlanndaí agus chuaidh siad ag an Aifreann lá agus d'fhág siad féasta agam agus an fhaid a raibh mé ag ithe an féasta chuaidh an caráin ins na planndaí. Bhí fearg orm annsin agus rug mé ar cloch agus caith mé leis an caráin é agus bhain mé banbh aistí agus an raibh an cloch mór bhí chómh mór leis an cáca aráin atá istigh sa driosúr agus an bfuil cáca ann adier an fear. Tá adur Séan beidh tusa ag ithe. An raibh an banbh mór bhí sí chomh mór leis an píosa feóla atá istigh sa driosúr. Má tá beidh tusa at ithe agus an raibh faitchíos ort bhí chomh mór leis an bfear atá siar faoí an leabaidh agus an bfuil fear ann. Tá arsa Seán. Fuair siad crúc caorach agus tharraingh siad an fear amach. Céard a deanfhadh muid leis anois. Marbhochadh muid é adeir Séan. Do mharbhuidh siad an fear agus nuair a bhí sé marbh aca dubhairt fear an tíghe céard a dhéanfadh muid lus, "Cuirfhidh mise é" adeir Séan. Do thug sé go teach an phobal é agus chuir sé ina sheasamh ar an altóir é. Chuaidh sé go dtí an sagairt agus dubhairt sí leis a theacht chun an ola a cur ar a mháthair. Dubhairt an sagart leis dul ag teach an phobal i gcoinnibh rud éigin a bhí a teastáluaidh. Cuaidh sé cuid den bhealach agus d'fhill sé arais agus dubhairt sé leis an sagart nach bféadfadh sé dhul ann mar bhí fear in a seasamh ar an Altóir agus ní leigfiadh sé dhom dul ann. Chuaidh an sagart leis agus tóg sé amach a leabhar agus thosuigh dhá léightheoreacht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1360B: Flight of the Woman and her Lover from the Stable
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peigí Ní Shlataraig
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádhraig Ó Cheannaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Seoladh
    Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe