Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)

Suíomh:
Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cáit Ní Choisdealbha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 019

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 019

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
  2. XML Leathanach 019
  3. XML “Tobar Naofa”
  4. XML “Páirceanna”
  5. XML “Seanphaidir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá dhá tobair naomhtha thar timcheall na háite seo. Tá ceann i lisín na heilte ar a dtugtar tobar na láithríní agus ceann eile i Saonach. Bhí fear ann uair amháin agus bhí sé ag baint crainn a bhí ag fás in aice an tobar i lisín agus thuit sé isteach ins an tobar. Lá amháin chuaidh bean deirce go dtí an tobar i Saonach agus nigh sí a cosa ann agus an lá in a díadh sin bhí an tobar imthighthe go dtí páirc eile a bhí in aice leis.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    2. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    3. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Nic Bháird
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Bean Nic Bháird
    Inscne
    Baineann
    Aois
    56
    Seoladh
    An Paiste, Co. na Gaillimhe
  2. Tá páirce ag m'athair ar a tugtar an Gort beag. Seo é an fáth a glaoidhtear an t-ainm sin air. Tá sé síos le fána agus bíonn uisge ann go minic agus tá an talamh an bog mar gheal ar sin. Tá páirce eile ag bean Uí Coileáin agus ghlaoidhtear Gort buidhe air. Seo é an fáth a ghlaoidhtear an t-ainm sin air mar ní bhíodh aon rud ag fás an ach bláthanna buidhe agus sin é an fáth a thugadar an t-ainm sin air anois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.