Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)

Suíomh:
Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cáit Ní Choisdealbha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 047

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 047

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
  2. XML Leathanach 047
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí greasaidhe ann fado agus bhí a theach oibre sgathamh maith ó na theac comhnaidhe agus tharladh go raibh sé ag obair an dheirneach ar an cead oidhche de Mí na Samhna agus deireann na daoine linn go mbíonn rud amuigh an oidhche sin ar a dtugann siad an pucha air. Ar caoí ar bith nuair a chriocnuigh sé ag deanam bróg timcheall a do a clóg chuir sé glas ar an doras agus thúg sé leis an meanuithe mór agus d'imthig sé abháile. Ní raibh se i bfad imtighthe nuair a casadh do an puca agus chuir an pucha suas ar a dhruim é agus rith sé treasna an ghort tríd na sgeachaibh nú go chuimhnigh an greasaidhe ar fein go raibh an meanuithe aige. Chuir sé lamh in a pocha agus thosuigh sé ghá preabadh leis an meanaithe. Leis sin chaith an pucha anuas ar talamh é agus dubháirt leis a dhúl abháile anois bhí go maith go deí bliadhan on oidhche sin gur bhain an cas ceadhna dho arís. Casadh an pucha do aris san ait sin agus dubháirt leis an raibh an rud gear aige anocht agus dubháirt an greasaidhe leis chuir ar marcaidheacht mé tusa agus beidh fios agat annsin acht níor bháin sé leis.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brígidh Ní Chiaráin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seamús Ó Gánlaig
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50