Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)

Suíomh:
Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cáit Ní Choisdealbha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 006

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 006

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
  2. XML Leathanach 006
  3. XML “Páirceanna”
  4. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tobar buidhe. Mar bhí tobhar ann uair amháin agus bhíodh an uisge buidhe. Gort na leasa. Mar tá lios ann. Log an Aifrinn. Mar sin é an gort a leigheadh an tAifreann sa péindlighthe. Crocán an Oireachtais. Sin gort eile a bhíodh cruinniú mór ag an Aifreann. Gleann Fada. Mar tá gleann mór fada ann. Garraidhe Gabha. Mar tá gleann mór fada ann. Garraidhe Gabha. Mar bhí gabha ann sa tsean aimsear. Graffach. Mar tá an talamh briste suas. Múinín Bradach. Sa t-sean aimsear nuair a bhí na daoine ag goid na caoire bhí siad ag cur an gcír ins an anach sin chun é coinnéal úr.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Mairéad Nic Bháird
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Uaitear Ó Fionnagáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    85
    Seoladh
    Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
  2. Corcán óir lán do feóil beo. Fr. Méaracán. Tháinig sé isteach ar dhruim na ndaoine agus chuaidh sé amach comh mín le síoda. Fr Móin. Comh árd le balla chomh bán le bainne, comh dearg le fuil, comh milis le mil. Fr. Ubhall. M'athair mór ar cúl an cófra agus dhá céad cóta ar. Fr. Gabáiste. Teachtaire beag ó theacht go theach a codhluigheann amuigh san oidhce Fr. Boithrín. Siúd ins an gclúid é ag is dhá chéad siúil air. Fr. Criathar. Cén mí is lugha a dheineann mná cainnt. Fr. Feabra. Droichead ar loch gan maide gan maide gan cloch. Fr. leac-oidhre. Céard tá níos duibhe ná an fiach dubh. Fr. A cuid clumhaigh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.