Scoil: Dubhras (uimhir rolla 6319)

Suíomh:
Dúros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Mearacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0081

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0081

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhras
  2. XML Leathanach 0081
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Tá ceithre toibreacha beannaithe sa pharóiste seo . . .

    Tá ceithre toibhreacha beannuighthe san Parraoíste seo: seo iad,
    Tobar Bricáin, Tobar Dúnáin, Tobar Cíarán agus Tobar Colmán.
    Tá tobar Bricaín shíos i bPáirc Mhóir acht níor leigheasadh aon duine ann go fóill.

    Tá tobar Dúnáin thíar inaice le leis an muilleann i gCintúrlach.
    Do leigheasadh cúpla duine annsin nuair a chuimil siad an t-uisce dóibh féin.

    Tá tobar Naomh Colmán inaice le Dún Guaire acht níor chuala muid ariamh gur leigheasadh aon duine ann.

    Tá tobar Cíarán shíos i dTráigheacht, ní tobar é acht sórt leabaidh agus codhluigheann daoine ann an oidhche roimh Domhnach na bFear, agus do leigheasadh go leór daoine ann.
    Tá cloch ann agus tá sé i bhfuirm glún, agus deirtear gurb é Cíarán a chuir a glún síos ann agus dá mbeadh glún tinn ag duine agus dá d'feacach sé a glún síos ann bheadh sé leigheasfidh. Tá iomhdha Naomh Ciaran ann freisin.
    Deirtear gur theastuigh uaidh Ciarán uair theacht ó Áráinn go Tráigheacht agus ní raibh aon bhealach aige le teacht agus d'fhoscal an fhairrge amach do gur tháinig sé isteach go Tráigheaht agus dhún sé isteach aríst.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chuinn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Cnoc Garbh, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Chuinn
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Cuinn
    Inscne
    Fireann