Scoil: Dubhras (uimhir rolla 6319)
- Suíomh:
- Dúros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Mearacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhras
- XML Leathanach 0044
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí seanbhean ann fadó agus bhí sí an-bocht . . .”
(ar lean ón leathanach roimhe)D'iarr sé a tuille agus dubhairt sí nach raibh greim ná blogam éile san teach.
D'éirigh sé le n-imeacht agus dubhairt sé ag dul amach an doras nach bhfada go mbeadh fuigleach bainne agus aráin agat Iaraim é sin ar Dhia agus d'imthigh leis agus go buidheach do'n sean bhean. Chuaidh sí a codhladh leis an ortas
Maidin lá ar na bhárach cuaidh sí go dtí an drosúir agus bhí builín aráin istigh ann.
D'fhéach sí amach agus chonnaic sí bó taobh amuigh dé'n doras.
Cuaidh sí amach agus crudh sí an bhó agus uaidh sin amach. Biodh builín aráin fágtha istigh san driosúir agus thógadh an bhó taobh amuigh dé'n doras gach maidin agus gach oidhche chun í a chrudh. Ní raibh easbuidh bainne na im ná aráin ar an sean bhean bhoct uaidh sin amachMá tá Dia moll Níl sé dearmadach(gan teideal)
“Bhí fear ann fadó . . .”
Bhí fear ann fadó agus teigheadh sé ar cuairt gach oidhche. D'airiugeach sé an trom pleasg taobh istigh de'n claidhe gach oidhche. An oidhche seo, d'féach sé isteach agus connaic sé leipreachán agus é in a suidhe faoi'n crann. Bí sé ag déanadh bróg. B'éaluigh an fear isteach agus rug sé greim ar an leipreachán.
Dubhairt an leipreachán go raibh mada taobh thiar de a drum(leanann ar an chéad leathanach eile)