Scoil: Dubhras (uimhir rolla 6319)

Suíomh:
Dúros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Mearacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0068

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0068

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhras
  2. XML Leathanach 0068
  3. XML “Filí an Bhaile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí file i bPáircMhóir dárb ainm Pádhraic Naní agus bhí cluithche báire i nDubhros uair amhaín idir Cill Fhionnabhrach i gCo. an Chláir agus Dubhros i gCo. na Gaillimhe agus chum sé amhrán fútha.
    Seo cuid de:-
    Bhí muinntir Chintúrlach ar fad ar a nglúna, ag guidhe le Dubhros go deo agus go bráth.
    Sé cóilín fear múinte agus sgéine ina shúile agus é ag faire ar í a fhuadach ó fhear Chonndae an Chláir.
    Bhí Tom Downey agus Dúgan, Brian Fahy agus Seán Úna bhí Mick Sullivan agus William is a bhean is a chlann.
    Ba é Patch Ó Lonaín an brútach thíar ag an mbar.
    Nuair a d'fhiarr mise pionnt air séard a dhún sé a shúile,
    Ní rachaidh sé feín ná a mhúille ag aon bháire go bráth.

    Rugadh, tógadh agus cuireadh é i bPaírcMhóir.
    Cheap sé an t-amhrán seo timcheall 40 blian ó shoin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chuinn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Dúros, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Chuinn
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Cuinn
    Inscne
    Fireann