Scoil: Dubhras (uimhir rolla 6319)
- Suíomh:
- Dúros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Mearacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhras
- XML Leathanach 0053
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear ann fadó agus ní phósfadh sé aon bhean . . .”
Bhí fear ann fadó agus ní phósfadh sé aon bhean acht an bhean nach n-íosfadh nó nach ólfadh aon rud.
Phós sé an bhean seo ar chuma ar bith agus gach lá nuair a bhíodh an fear amuigh ag obair dhéanfadh an bhean cáca dí féin agus d'íosfadh sí é.
Ní raibh fhios ag an bhfear cé'n chaoí an raibh an bhean dhá seasamh gan rud ar bith a ithe. Lá amháin dubhairt an bhfear go bhféachfadh sé chun é do dhéanamh.
Gach lá bhíodh sé ag eirghe níos ocrasach agus dhéarfadh an bhean "ní bheidh ocras ar bith ort ambháireach.
Sa deireadh leagadh suas an fear le tinneas agus ní raibh sé indon eirghe.
Thug an bhean gé anonn chuige ar phláta agus dubhairt an bhean leis é do ithe acht ní raibh sé indon agus dubhairt an fear an n-iosfidh tusa é "d'íosfainn agus an oiread is an oiread eile" arsan bhean.
Ní raibh sé indon aon rud eile a rádh acht an oiread is an oiread eile.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chuinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dúros, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Chuinn
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Cuinn
- Inscne
- Fireann