Scoil: Dubhras (uimhir rolla 6319)

Suíomh:
Dúros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Mearacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0052

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0052

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhras
  2. XML Leathanach 0052
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí bean ann fadó agus bhí mac aici . . .

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    mí caithte thugh an tsean bhean céadna slat draoidheacht dhó agus bhí sé dorchadh an oidhche seo freisin agus chuaidh sé isteach go dtí an teach céadna arist leis an oidhche a cuir thairis agus nuair a bhí sé tamhall. béag isthigh thóg sé amach an slát draoidheacht agus dubhairt sé leis a "obair a déanamh" agus thosuigh an slat ag bualadh gach duine agus gach (duine) rud a bhí sa teac ach é féin.
    Bhí gach duine ag sgréadadh agus sa deiridh dubhairt bean an tighe go dtiubhradh sí an cearc draoidheacht agus an t-éada[ch] clár dhá stopfadh sé an slát. Annsin dubhairt an fear leis an tslat go raibh a cuid obair déannta agus ar an nóiméad stop an tslat.
    Thug bean an tighe an cearc agus an t-éadach clár do'n fear agus chuaidh sé abhaile go dtí a máthair leis an cearc draoidheacht, (agus) an t-éadach clár, agus an tslat draoidheacht agus bhí siad saidhbhir uaidh sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0563: The Table, the Ass, and the Stick
    Teanga
    Gaeilge