Scoil: Dubhras (uimhir rolla 6319)

Suíomh:
Dúros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Mearacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0041

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0041

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhras
  2. XML Leathanach 0041
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Aon uair amháin bhí fear agus bhí sé pósta . . .

    Aon uair amháin bhí fear ann agus bhí sé pósta. Bhí triúr inghean aige agus ba slachtmhar na cailíní iad.
    Cailleadh a máthair nuair a bhí siad óg.
    Ní raibh fhios ag an t-athair céard a déanfadh na páistí gan máthair. Sa deire thiar thall phos sé arís.
    Bí an leas máthair an chrosta leis na páistí mar gheall ar an cionn a bhí ag an t-athair dóibh agus cheap siad [!] mar gheall ar sin nach raibh cionn aige cor ar bith di féin. Chuirfeadh sí amach chuile oidhche iad le codhladh amuigh. Ach sa deire dhíbir sí ar fad iad.
    Aon oidhche amháin chuaidh siad ag guidhe ós cionn a máthair a bhí marbh.
    Díreach nuair a bhiodar istigh san Reilge céard a cífeadh siad ach a máthair. Glaoidh sí orra agus d'iarr sí orra cé'n fath a rabhadar amuigh an tráth seo de'n oidhche agus d'innis siad a sgéal ó bhus go deire di.
    D'iarr sí orra ce'n rud ar maith leo a beith acab agus dubhairt teach nua a beith aca (aca) agus an leas máthair a marbhadh. Thug an (leas) máthair maide draoidheacht dóibh agus dubhairt sí leo buile a bualadh ar an talamh agus beadh teach nua os comhair amhach. Annsin buile a bhualadh ar an sean theach agus an leas-máthair istigh ann agus lasfaí í. Mhair siad go sona sásta uaidh sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge