Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0154

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0154

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0154
  3. XML “Seanphaidreacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá go leor sean-phaidreacha ag na daoine thart annseo. Nuair a dhéanas duine sreabhfair ba cheart di dhuine a rádh. "Dia agus Muire agus do shláinte leat"
    Nuair a casta socraid ar dhuine ba cheart don dhuine a rádh "Beannacht Dé le n-a anam agus trí coiscéime do shiubhal indiaidh na comhrá. Tá sean-phaidir ag cuid de na daoinibh le rádh nuair a bhíos duine tinn agus muna rachadh duine amugha ins an bpaidir d'éireóchadh an duine tinn as agus dá dtéigheadh sé amugha ins an bpaidir do caillfidhe an duine. Tá sean-phaidir ag na daoine le rádh nuair a bhíos siad ag coigilt na teine. "Coigileann mise an teine seo mar choigil Críost cáidh, Muire in-a bun agus Brighid i n-a barr go gcoiglfidh mise an teine seo go teacht an lae"
    Nuair a bhíos duine ag dul ar thuras deireann muinntir an tighe leis go dtugaidh Dia slán abhaile thú".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maoilsheachlann Ó Nuadhain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Droim na Gaoithe, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seaghán Ó Nuadhain
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Droim na Gaoithe, Co. na Gaillimhe