Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0220

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0220

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0220
  3. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Póstar daoine thart annseo chuile am de'n bhliadhain acht san gCarrghas anois acht ba san Inid a bpóstaidhe iad fadó.
    Ní h-é an t-am céadna de'n ló a bpósann daoine anseo agus i n-áiteachaibh eile. Pósann na daoine ar maidin san bparráiste seo acht ins an gcéad parráiste eile is i lár an lae nó san tráthnóna a pósann siad. Pósann daoine ins na séipéil anois acht fadó is ins na tighthe a pósadh iad. Is cuimhneach lem' mháthair Márt Inide a pósadh triúr fear agus triúr ban. Nuair a bhíos daoine ag brath ar phósadh déantar cleamhnas. Nuair a théigheas daoine ag iarraidh mná tugann siad buidéal uisge beatha leo chn muinntir na mná a chur ar meisge ionnus go mbeadh siad sásta an bhean a thabhairt dóibh agus spré maith léithe.
    An oidhche tar éis a bpósta bíónn bainis idteach an fhir agus mí i n-a dhiaidh sin bíónn cuairt-míosa idteach na mná.
    Fadó bhíodh go leor carr agus cóiste ar an gcóisire. Is cuimhneach le mo mháthair nuair a bhíódh sí ag bainis go mbíod triocha trapanna ann. Uair amháin bhí fear siubhail ag dul thart agus casadh bean air agus d'iarr sé uirthe é a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Annraoi Ó Dubhagáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe