Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0236

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0236

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0236
  3. XML “Arán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ithim arán gach lá. Déantar an t-arán de phlúr agus déantar an plúr de cruithneacht. Cuireann na feilméaraí cruithneacht thart anseo. Díolann siad cuid de'n chruithneacht agus tugann siad cuid di chuig an muilean le na meilt. Níl aon mhuileann ins an bparáiste seo acht tá ceann i gCreig agus tá cúpla ceann i nGaillimh. "Cáisgín" a tugatar ar an bplúr a dhéantar de'n chruithneacht a fhásas sa mbaile. Déantar arán de'n chaisgín leis féin agus is minic a measgtear an caisgín tríd an bplúr a cheannuightear ins na siopaibh. "Cáca" a tugatar ar an arán a déantar sa mbaile agus 'builín' a tugtar ar an arán a díoltar ins na siopaíbh.
    Is fearr agus is foláine agus is láidire an cáca cáisgín ná aon arán eile.
    Déanann mo mháthair arán sa mbaile. Seo í an chaoi i n-a ndéanann sí cáca/
    Geibheann sí losaid nó báisín mór agus cuireann sí cúpla mám plúír ann. Ansin gheibheann sí gráinne sóide agus measgann sí tríd an blúr é. Annsin cuireann sí bláthach nó bainne géar air agus measgann sí tré na chéile iad. Taois a bhíos aice annsin agus nuair a bhíos
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
        1. arán (~2,063)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seaghán Ó Cuinn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82
    Seoladh
    An Chreig Bhuí, Co. na Gaillimhe