School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a tháinig Naomh Pádhraigh go h-Éirinn ag múnaidh an chreidimh fír, bhí Mananán Mac Lir ann roimhe agus bhí Naomh Pádhraig ag iarraidh an Creideamh Fíor a mhúnadh dó féin agus dá mnaoi. Agus dubhairt siad go n-athróchadh siad leis dá mbeireadh Naomh Pádhraigh istigh sa teach ortha. Bhíodh Naomh Pádraig istigh sa teach ortha. Bhíodh Naomh Pádraig ag iarraidh teacht i n ganfhios ortha. Bhíodh cléireach ag Naomh Pádhraig ag freastal an Aifrinn dó. Domhnach amháin d'iarr Mananán Mac Lir ar an gcléireach Sifreann a fhriotháil dó. Shíl an cléireach gur bh'é Naomh Padhraig a bhí ann agus dubhairt sé go bhfriothálfadh sé an t-Aifreann dó. Nuair a bhí an t-Aifreann léighthe ag Mananán, tháinig Naomh Pádhraig agus dubhairt sé leis an gcléireach an t-Aifreann d'fhriotháil dó. "Nach ar ball d'fhriotáil mé Aifreann duit" adeir sé. "Ní domsa é" adeir Naomh Pádhraig. "Seadh" arsa an cléireach. Dúbhairt Naomh Pádraig. "go(continues on next page)
- Informant
- Domhnall Ó Dubhagáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe