Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. Galway
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0231

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0231

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0231
  3. XML “Pisreoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Deireann na daoine nach ceart athrughadh isteach idteach nuadh ar aon lá acht ar an Aoine. Ní ceart an Luaithe a chaitheamh amach ar an Luan. Ní ceart aon splannc a leigint as an teach ar Lá Bealtaine.
    Ní chóir teine Dhearg a leigint amach uair a bhíos maistire á dhéanamh.
    Deireann daoine gur ceart splannc a chur faoin gcuinneóíg.
    Duine a thagas isteach agus maistire dhá dhéanamh is ceart dó bheith ar an loithne.
    Nuair a bhíos duine caillte sa teach is cóir an clog a stopadh.
    Is ceart tubháille a chur ar an sgáthán nuair a bhíos duine caillte sa teach.
    Ní ceart beannughadh isteach i dteach a mbeadh duine caillte ann.
    Dá mbeadh duine ag dul ar an aonach agus dá gcasfaidhe bean ruadh leis ní dhíolfaidh sé.
    Ní ceart do dhuine a chuid gruaige do bhearradh ar an Luan.
    Is ceart ceirt dearg agus tairgne crúídh capaill a chur ar ruball na mó tar éis breithe sí.
    Ní thiubhradh daoine braon bainne dhuit ar lá Bealtaine.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge