Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Fionn mac Cumhaill agus na Fianna agus Oisín ag fiadhach lá i gCo Ciarraighe. Chonnaiceadar bean ag marcaidheacht ar chapall ag teacht faoi na ndéin agus bhí sí gléasta go breagh. Do labhair sí le h-Oisín agus dubhairt sí leis gur chuir a h-athair i n-a choinne í. Chuaidh Oisín ag marcaidheacht ar an gcapall bán agus d'imthigheadar leobhtha go Tír na n-Óg. Bhí saoghal breagh aige i dTír na n-Óg agus níor éirigh sé níos sine ná bhí sé an lá a d'imthigh sé. Nuair a bhí sé trí chéad bliadhan i dTír na n-Óg dubhairt sé le hinghin an ríogh go mba mhaith leis dhul go h-Éireann go bhfeiceadh sé a athair agus a cháirde. Níor mhaith leithe é leigint ann i dtosach ach tar éis sgaithimh leig sí dhó imtheacht acht dubhairt sí leis gan a chos a leagaint ar thalamh na h-Éireann nó dá ndéanadh go n-éireochadh sé an-sean.
Annsin thug sí an capall dó agus thainic sé go h-Éirinn. Bhí iongantas mór air nuair a tháinic sí go h-Éirinn ar fheiceáil dó go raibh na coillte móra gearrtha anuas agus an talamh saothruighthe i n- áit. Na daoine a bhí ag obair ins na páirceannaibh cheap sé go raibh siad an-bheag i gcomórtas leis na daoine a bhí ann le n-a shaoghal-se. Bhí sé ag imtheacht leis go dtainic sé go Blá Cliath agus chonnaic(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seaghán Ó Nuadhain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Droim na Gaoithe, Co. na Gaillimhe