School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Location:
Baile Chláir, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0258

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0258

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Page 0258
  3. XML “Nósanna agus Pisreoga a Bhaineas le hOíche Shamhna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nósanna agus pisreóga a bhaineas le h-Oidhche Shamhna.
    Deireann na daoine go mbíonn na sidheóga amuigh ar Oidhche Shamhna ag caitheamh smugairle ar sméarthaibh agus ar ghach cineál toraidh. Ar Oidhche Shamhna cuireann na daoine ubhla isteach i dtobán uisge agus an duine a thógfadh ceann aníos as ina bhéal bheadh cead aige é d’ithe.
    Bhí fear ann fadó agus bhí sé ar cuairt ar Oidhche Shamhna. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile chonnaic sé leipreachán faoi chrann. Chuaidh sé go dtí é agus d’iarr sé ór air. Dubhairt an leipreachán go raibh sé ag an mnaoi taobh thiar dhe. Acht níor fhéach an fear thart agus níor fhéad an leipreachán imtheacht. Sa deireadh dubhairt an leipreachán go raibh sé faoi an gcrann. Chuaidh an fear abhaile agus fuair sé láidhe agus sluasad agus thosaigh sé ag baint faoin gcrann agus fuair sé bosca agus shíl sé go raibh an t-ór aige. Acht ní raibh istigh san mbosca acht meanaithe agus bhí fearg ar an bhfear.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Halloween (~934)
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín de Bháil
    Gender
    Male