Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)

Suíomh:
An Trian Caol, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Peadar Mac Gaoithín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1104, Leathanach 252

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1104, Leathanach 252

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Trian Caol
  2. XML Leathanach 252
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    acht cat mór. Bhí poll ins an fhuinneoig agus chuaidh an cat isteach ann agus nuair a fuair sé an doras fosgailte léim sé amach. Fuair an buachall an meid sgannruigh sin nach dtig leis a shuipear a ithe an oidhche sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sgéal.
    Bhí Máire Ní Chuinn marbh agus chuaidh Máir[e] Chondain na faire. Bhí taos óg na tíre cruinnighthe annsin agus iad ag deanamh grinn. Thoisigh siad ag tarraingt rubaill as a' mhuic i lár an urlair.
    Bhí an corp sínte i leabaidh na clúdaigh agus bhí Máire Chondain na suidhe ar stól ag taoibh na leabtha. Níor thaitin an callan le Máire agus dar leithe fhéin go mbuailfeadh sí cleas ortha a chuirfeadh na dtost iad. Bh[í] dhá braithlín crochta o chionn na leabtha síos go dtí an talamh agus chuaidh Máire isteach eatorrtha. Chuir sí amach a lámh idir an dá bhraithlin agus thoisigh sí da crathadh. I gcionn tamaill d'amharc duine eighinteacht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Gaoithin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Peadar Mac Gaoithin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Bruíonacha, Co. Dhún na nGall