Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)
- Suíomh:
- An Trian Caol, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Peadar Mac Gaoithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Trian Caol
- XML Leathanach 227
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leabaidh ar bith aige fá na choinne. D'iarr sé air na rabh uisge coisreatha ar bith aige. Dubhairt sé go rabh. "Fan bomaite agus gheobhaid mé é fá do choinne," arsa Padaí.
Bhí bucoid uisge salach in a suidhe ar an úrlar. Fuair Padaí graim ar an bhucoid. Bhain an fear bocht a bhearrad de Chaith Padaí an uisge salach air.
"O stad, stad" arsan fear, "na bí a gcur amudha é." D'imthigh an fear bocht amach agus bhi sé uilig fliuch. - Bhí fear agus a bhean in a gcómhnuidhe i dteach bheag. Is cuma caide deirfeadh an fear dearfadh an bhean go rabh sé cearr. La amháin bhi siad in a suidhe ag an teine agus tháinig luchóg amach as poll. "Caithfidh mé an poll sin a dhruid arsa PaidÍ." "Chan é sin an poll" ars' an bhean "ach seo an poll." Thoisigh an charagal idir an bheirt. Chonnaic Paidí nach rabh gar a bheith leithe agus d'imthigh sé. Chuaidhe sé go h-Albain agus d'fhan sé annsin ar feadh se mhí. Tháinig sé arais airíst agus dubhairt a bhean les, "Se do bheatha 'Phaidí ach da mbítheá ag argaal ó shoin seo an poll a dtáinig an luchóg as(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Anna Ní Gaoithin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Daibhéid
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Glaice, Co. Dhún na nGall