Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I
Tiocfaidh an Samhradh agus fásfaidh an féar
Agus tiocfaidh an duilleabhar glas ar bárr na gcraobh
Tiocfaidh mo chéad-searc le bánadh an lae
Agus buailfidh sí purt ciúin le cumhaidh I mo dhiaidh
II
Is óg a’s is óg a chuir mé dúil i n-greann
Agus dheanfainn súgrughadh le mo rún ar faill
Níl baile cuain ar bith dá ngluaisinn ann
Nach bhfuighinn maighdean óg dheas ar bhuideal leann
III
Is plóid ar an fhairrge is sí tá mór
Chuir sí eadar mé a’s mo mhíle stór
D’fág sí ar an bhaile seo mé a deanamh bróin,
Gan dúil le na feicsint a choidhche níos mó
IV
Shiubhal mé thoir agus shiubhal mé thiar,
Shiubhal mé Corcaigh agus sráid Bhaile a’ cliath
Shiubhal mé an baile seo fa dhó le bliadhain
Ag iarraidh mo stóirín 'bhain díom mo chiall
V
Bhuail mise aréir ag an doras thall
Agus sgairt mé arais ar mo rún ar faill
‘Seadh dubhairt a h-athair liom nach raibh sí ann
Ná gur ealoidh sí aréir leis an bhuachaill donn.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Maighread Bean Uí Dhuibhir
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall