Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 154
- XML “Gaiscíocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- GaisgidheachtBhí fear darbh ainm Seán Mac Fhionnlaoich ina chomhnuidhe i nGort-an-Choirce agus bá ghnathach leis cuid mhór carraireacht a dheánamh. Chuaidh sé soir go céidh Bhaile -an-Easa lá, le lód mine a thabhairt anoir go teach Mhic Pháidín. Bhí braon 'san ghrágán aige agus nuair a bhí sé ag dul suas staghaire an t-siopa le mála dhá chéad mine, baineadh triusluighadh de agus thuit an mála anuas go bun an sthaghaire.
Chuaidh an t-aos óg a bhí na seasaimh thart a gháraidhe, agus chuir seo fearg mhór ar Sheán.
Thóg sé an mála ar a dhruim, bheir sé ar cheann eile d'én tseórt cheadhna, chuir faoí na eascaill é, agus rith sé suas an staghaire leis.
Chuaidh Seán Ó Dubhcháin as an Árdaigh, síos na trágha lá fá choinne lód leathaighe. Chuir sé suas lód trom, agus bhí oiread méádhchoin ann is gur bhris an rotha nuair a bhí sé ag teacht 'na bhaile. Chaith sé ináirde ar mhullach an lóid é, agus choinnigh sé fhéin suas taobh d'é'n charr gur shroich sé an baile.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Giolla Easpuig
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Príomhoide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)