Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 140
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- LuibheannaCúl Phádraig
Seo duilleóg mór leathan ghlas a fhásann a chois an bhealaigh mhóir. Má bhíonn dó mhéar ag cur fola, leaghasfhidh an luibh é de chur fola.Cúl Fáithche
Is é duilleógaí beaga atá sa'n cúl fáithe. Tá na duilleógaí cineal bog. Ma leagann tú dó lámh go h-eadtrom air dóighfhidh sé thú agus tiocfaidh spúaiceacha beaga dearga ar dó láimh. Má fhághann tú greim dainghean ar an duilleóig seo ní dhóighfidh sé thú ar chor ar bith.
Bheirtear an luibh seo dó lachain óga agus dó thuircigh óga. Deirtear fosta go bhfuil an luibh seo maith fá choinne gear- ánala.Samhaidh
Seo duilleógaí beaga ghlasa. Tá cosamhlacht seamróige ortha ach-tá an duilléog rud beag níos mó. Tá blas milis ortha agus itheann móran daoine iad. Fásann siad ins na páirceanna.(leanann ar an chéad leathanach eile)