Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- urnaighe indiadh paidrín'S mé an créatúr lag faoí ualach throm
Da mhéad mo pheacaidh is aithreaach liom
Admhuighim creideamh Dé go síor,
le grádh mó chroidhe's le dóchas fíor
Ó chois na croiche glaoidhim suas
A Thighearna Íosa claoin anuas.Fáilte dhuit a Mhuire mhór,
Tarraing orainn le do chabhair.
A Mhathair Íosa, a Réalt na mara,
A sgath na mbocht 's ar n-anam chara
Is tú thóg an t-úan a shaothruigh sinn,
Is e is mó thug grása duit,Is tú thog arais an blath a thuit le hÉabha
Anois agus ar uair ar n-éuga,
Tadhbhuigh dúinne siothcháin Dé
Sgaoil na glas a cheanglas mé
Tabhair greim dó'n bhocht, dó'n dall a shúil
A Mhathair mhuirnach 's a ríoghan na nDúl.A sgathán an cheirt 's a airc an reacht
A Chathaoir na hEagna agus na húmhlaidheacht
Saor mé le céim do Mhic, ar olc daigh a's éug(leanann ar an chéad leathanach eile)