School: Gort an Choirce
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easboic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 144
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An té a bhíos i bhfad amuigh fuarann a chuid air.
Ceannuigh sean rud agus bí gan aon rud.
Cam díreach an ród sé an bealach mór an aithgiorra.
Scuabann scuab úr go glan.
Níl leaghas nó luibh i n-aghaidh an bháis.
Ná caith an t-uisge salach amach go mbéidh an t-uisge glan istigh.
Is glas na cnuic i bhfad uainn ach más glas ní féarmhar.
Is goire cabhair Dé no'n doras.
Tuilleadh mine nó béidh do bhrachan lom.
Ní sheasann sac follamh.
Más olc maol is míle measa an mullach.
Cuir síoda ar ghabhar agus gabhar i gcomhnuidhe é.
Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.
Is fearr an t-sláinte nó na táinte.
Ní thig síoda a dhéanamh as cluais muice.
Ná ceannuigh muc i mála.
Is fearr go mall nó go bráthach.(continues on next page)