Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc an Stolaire
- XML Leathanach 054
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ann uair amháin dar bhainm Micí Bán 7 bhí sé na chomhnuidhe ar an Chaiseal.”
(ar lean ón leathanach roimhe)sé beirt fhear ag siubhal go failthigh síos an t-sráid agus ag cur rud inteacht ibhfolach ibpíopa ag bun na sráide.
Lá thar na bhárach ní raibh amach as béal na ndhaoine ach cainnt ar na h-earraidhe luachmhara a goideadh as siopa in nDoire, luach mílte punt agus gealladh suim mór airgid do'n té a gheobhadh iad. Smaointigh Mici ar an bheirt a chonnaic sé an oidhche roimh ré agus dar leis go bhfuighadh sé féin an suim airgid udaí. Chuaidh sé fhad le lucht an t-siopa agus dubhairt leó ca bhfuigheadh siad a gcuid earraidhe uilig. Rinne siad mar dubhairt sé leó. Fuair Mici an t-airgead agus bhain an baile amach agus a shaith lúthghair air. Chuaidh an sgéala amach annsin achan áit go raibh fios ag Mici.
Gan mhoill na dhiaidh sin goideadh roinnt mhór earraidh as siopa i mBéal Feirsde agus cuireadh sgéala fa choinne Mhici theacht go bhfuighead sé amach ca raibh na h-earraidhe ibhfolach. D'imthigh Mici leis agus gan fhios faoin spéir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Antoin Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Machaire Chlochair, Co. Dhún na nGall