Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc an Stolaire
- XML Leathanach 035
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí beirt fhear ann uair amháin ar bh'ainm daobhtha Domhnall Mór 7 Domhnall Beag. Lá amháin d'imthigh Domhnall Mór a' chuartú oibre 7 ní dheachaidh sé ibhfad gur casadh fear uasal air.”
Bhí beirt fhear ann uair amháin ar bh'ainm daobhtha Domhnall Mór agus Domhnall Beag. Lá amháin d'imthigh Domhnall Mór a' chuartú oibre agus ní dheachaidh sé ibhfad gur casadh fear uasal air. Chuir an fear uasal ceist ar Dhomhnall goidé'n siubhal abhí air, dinnis Domhnall do agus dhfastaidh an fear é.
Chuaidh Domhnall Mór na bhaile agus dubhairt sé le Domhnall Beag go raibh sé dul ag obair agus go gcaithfeadh seiseann a bhreicfeasta a thabhairt chuige achan mhaidin. Maidin amháin bhí sé siul le breicfeasta Dhomhnaill mór agus chonnaic sé scála roimhe ar an bóthar. "Bhfuil tusa ag iarraidh cuid fosta" ar seisean leis an scála agus chaitheadh sé spuneóg bhrachain anois agus arís chuige go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní g Cionnlaoí
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Domestic worker (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Bun Beag, Co. Dhún na nGall