Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc an Stolaire
- XML Leathanach 021
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí sean lanamhain 'na gcomhnuidhe ar an Tearmonn fadó shoin, a raibh mac amháin aca. Nuair abhí an t-athair ar leabaidh an bháis d'iarr sé ar a mhnaoi a chuid a thabhairt go maith do'n gasur sa chruth as go mbéadh sé ábalta crann a tharraingt as an rúta.”
Bhí sean lanamhain 'na gcomhnuidhe ar an Tearmon fadó shoin, a raibh mac amháin aca. Nuair a bhí an t-athair ar leabaidh an bháis d'iarr sé ar a mhnaoi a chuid a thabhairt go maith do'n gasur sa chruth as go mbéadh sé ábalta crann a tharraingt as an rúta. Rinne an bhean mar a h-iarradh uirthí. Lá amháin chuir sí an gasur amach na garraidh fa choinneu ubhlaí, bhí an crann iongantach árd agus ní raibh an gasur ábalta fághail fhad le na h-ubhlaí ach ní dhearn sé ach greim a fhághail ar an chrann agus tharraing sé as an rúta é. Annsin thug sé leis isteach na toighe é.
Cupla lá na dhiaidh sin dubhairt an gasur go raibh sé ag imteacht leis a saothrú a chodach. Rinne a mháthair cupla(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Antoine 'Ac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Machaire Chlochair, Co. Dhún na nGall