School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 022
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí sean lanamhain 'na gcomhnuidhe ar an Tearmonn fadó shoin, a raibh mac amháin aca. Nuair abhí an t-athair ar leabaidh an bháis d'iarr sé ar a mhnaoi a chuid a thabhairt go maith do'n gasur sa chruth as go mbéadh sé ábalta crann a tharraingt as an rúta.”
(continued from previous page)tuirtín aráin le cur leis agus d'imthigh sé leis i mbéal a chinn. Shiubhal sé leis go dtainig sé fhad le teach a raibh sean lanamhain na gcomhnuidhe ann. D'iarr sé fastodh ortha agus d'fhortuigh an seanduine é.
Lá thar na bharach d'éirigh an gasur go luath ar maidin agus chuir sé ceist goide'n obair a bhí le deanamh indiú aige. Dubhairt an seandhuine leis go raibh cruach choirce le bualadh agus thug sé súiste do.
"Goidé seo?" arsan gasur.
"Tá, sin súiste" arsan seandhuine.
"Bhuel is beag an súiste é" arsan gasur agus chaith sé ar shiubhal é. D'imthigh sé leis amach na coilleadh, bhain sé dhá chrann agus rinne sé súiste daobhtha agus níor fhág sé an chruach ar an bhaile nar bhuail sé an lá sin - agus shíl na daoine nach raibh sé i gceart.
Nuair a chuaidh an gasur a luigh an oidhche sin bhi an t-sean lanamhain a meabhrú ar cen dóigh abhfearr fághail réidhtigh do.
"Bhfuil fhios agat goidé dheanfaidh muid leis imbárach?" arsa'n seandhuine.
"Cuirfidh muid síos na muillean é leis an choirce le min choirce a dheanamh di, tá dhá thaidhbhse(continues on next page)- Informant
- Antoine 'Ac Suibhne
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Machaire Chlochair, Co. Dhún na nGall