School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)

Location:
Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Seosamh Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 084

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 084

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc an Stolaire
  2. XML Page 084
  3. XML “Pisreogaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá baile beag taobh thoir de Dhún Luithche a ngoirtear an Dún-ann air. Níl ann ach trí thoighthe. Talamh bocht caorann agus é teoranta le cnuic árda. Teidheann na buachaillí óga go hAlabain 'sa tsamhradh agus tig siad na bhaile arís san gheimhreadh.
    San tSamhradh 1916 marbhadh buachaill óg breagh aca seo a bhí ag obair ar an mbóthar iarainn i nGlaschú agus tugadh a chorp na bhaile.
    Is cuimhneach liom go soilear an tráthnóna a shroich an gluaisteán arabh an corp air teach pobail Dhún Luithche. hiomprú an chonair annsin míle go leith go shroich siad an baile. Thionntuigh muinntear na háite idir óg agus sean amach agus lean an tóramh no an shochraid, mar is gnathach, go dtáinig siad go teach na faire. Bhí mise, mé fhéin annsin agus seo iad na pisreógaí a chonnaic mé a chuir iongantas an domhain orm. Tugadh ordú an chonair a ligint síos cuig pherse ón doras. Rinneadh sin.
    Chuaidh an dearbhrathair a ba shine annsin isteach an toighe agus thug ordú do gach duine a bhí istuigh idir óg agus sean dul amach, annsin cuireadh an cat agus an madadh amach agus hiarradh coimhead a chongbhailt ortha ar eagla go rachfadh siad isteach arís roimhe an chorp. Fuaras plainc annsin agus síneadh amach ón doras í. Tógadh an ceann amuigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
          1. bás (~1,076)
    Language
    Irish
    Collector
    Seosamh Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    An Bun Beag, Co. Dhún na nGall