Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc an Stolaire
- XML Leathanach 039
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear meadhon-aosta ann fadó shoin a raibh asal 7 carr aige.”
Bhí fear meadhchan-aosta ann fadó shoin a raibh asal agus carr aige. Ba ghnathach leis dhul na bhaile mhóir achan tráthnóna ar an charr agus a dhul isteach i dteach a' leanna le cupla deoch a fháighail agus annsin pilleadh sé na bhaile roimh an oidhche.
Tráthnóna amháin ar a dhul isteach do cé casadh air ach sean chara abhí indhiaidh theacht as Meirioca. Bhí fáilte mór acua da chéile agus muna raibh giota cómhraidh agus cainnte ar an tsean-am idir an bheirt, ní lá go fóill é. Níor mhothuigh siad cúpla uair ag dul thart agus nuair a d'amharc an fear meadhan-aosta amach bhí an oidhche ann. "dar fiadh" ar seisean "tá'n tam agam-sa an baile a bhaint amach nó níl solus ar bith agam ar an charr agus ma thig na paos orm cáineochaidh siad mé.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Antoin Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Machaire Chlochair, Co. Dhún na nGall