Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc an Stolaire
- XML Leathanach 019
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear 7 bean ann fad o shoin 7 bhí mac aca air bh'ainm do Tarlach. Duine gan radh abhí i dTarlach.”
(ar lean ón leathanach roimhe)amach agus scaoil seisean urchar a réab ceann an bheathaidhe amach as faoi cheann an t-sheirbhisigh. Thainig an fear araibh an sop cochain ina ghaothsan aige amach annsin agus thoisigh sé ag séideadh in éadan inghean an ríogh agus bhí sé a cur naoi n-iomaire ar gcúl os coinne achan iomair a thiocfadh sí un tosaigh. Nuair a mhusgail an t-sheirbisach phill sé go dtí'n Domhan Thoir, líon na buideail agus shéid an rása aige go bhfuair sé greim ar inghean an ríogh. Choinnbhuigh sé naoi n-iomaire agus naoi n-éite roimpi agus bhí sé sa bhaile ar dtús. B'eigean duithe Tarlach aphósadh annsin. Oidhche na bainse bhí damhsa aca agus bhí dhá chathaoir mhór igcionn an halla, ceann do Tharlach agus ceann do inghean an Ríogh. Chuir sise spíce iarainn i gcathaoir Tharlaidh i dtreó as go bpollaidh Tarlach nuair a shuideadh sé ann. Shuidh sise síos agus thug sí cuireadh do Tharlach suidhe fosta, ach thainig tóin iarainn agus shuidh seisean ann ar dtús agus bhruigh sé an spíce. Shuidh Tarlach sa chathaoir annsin, agus thóg sise 'choinne cúrsa damhsa é, nó shíl sí go raibh sé pollta uilig, ach bhí buaidhte aca uirri. Thainig an buachaill caol ruadh fhad le Tarlach annsin agus dubhairt sé go raibh an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Aodh Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Machaire Chlochair, Co. Dhún na nGall