Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)
- Suíomh:
- Doire Sheanaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Ní Amhalaghaidh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1054, Leathanach 039](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1054%2FCBES_1054_039.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1054, Leathanach 039
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Thanaidhe
- XML Leathanach 039
- XML “Seantithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)air. Na daoine a ba shine a codhladhadh ann í gcomhnuidhe. Bheadh an dreisúir deanta san bhalla fosta. Ní rabh taiblí ar bith ag na daoine. Teach amhain ar an bhaile a mbeadh tabla ann, agus dá mbeadh srainsaer no Sagart ag teacht go dtí teach ar bith ar an bhaile, gheibhfidhe iasacht an tabla sin go n-imtheochfadh siad [ara]? Ní rabh cathaoireacha ar bith acu ach oiread, suidhistéog, stól trí cos, no cupla fód monaidh an áit suidhe a bheadh acu.
Lósaid agus é ina shuidhe ar phota an tabla a bhiodh acu fá choinne a n-dinnéar a dheanamh air. Ní rabh lampaí ar bith ann sna laethe úd. Bheirfidhe isteach [uchta]? fraoich roimhe an oidhche agus do mbeadh solas ar bith a dhioghbhail fríd an teach chuirfidhe giota de san teinidh. Daoine a mbeadh obair ar bith le déanamh acu [cniotal no fuigheal] bheadh coinnle acu a gnidheadh siad fhéin. Bhainfidhe feaga agus chumailfidhe i mbáladh é [geir no im]. annsin lasfaidh é.