Scoil: Sliabh Liag

Suíomh:
Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Caitlín Nic An tSaoir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 81

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 81

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Liag
  2. XML Leathanach 81
  3. XML “Scéal - Dobharchú Chró Each”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá amhain bhí fear as Teidhleann ag cuartughadh caora shuas neas dé loch Cró-each. Leán Dobhar-chú é. Sgánnruigh an duine bocht go mór i dtoiseach agus ní rabh iongantas ar bíth do annsin na ma tcídh an dobharcú duine sul a bhfeicfidh an duine é mairbhfidh sé é cinnte agus mar i gceudna ma tcídh an duine é an chead uair gheobhaidh (an duine sé) ar siúbhal air.
    ‘Nois thoisigh an fhear seo ráchaidh comh mór is thiocfadh leis amách agus isteach i gcúl na gcarraic ag iarraidh corr a chuir ar an dobharchú. Bhí sé giota maith ar gcúl go fóill agus caidé rinne an fear acht a chota, a bhí leis faoi’n ásgaill, a spréaghadh ar charraic a bhí ann agus is go bráthach leis arais.
    Thainig an dobharchú lé rása mór go dtí’n charraic agus nuair a chonnaic sé an cota shíl sé cinnte go rabh an fear aige. Rinne sé air lé na cheann acht mhárbhuigh sé é fein ar an charraic.
    Cupla lá na dhiaidh sin ghlach an fear misneach a ghabhail fa choinne a chota agus caidé’n rud a chonnaic sé acht an dobharcú na luighe márbh ag taobh na carraice. Shábhal an chota é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheal Uí Ceinnide
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Cait Ní Ceinnide
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    38
    Seoladh
    An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall