Scoil: Sliabh Liag

Suíomh:
Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Caitlín Nic An tSaoir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 90

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 90

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Liag
  2. XML Leathanach 90
  3. XML “Scéal - An Chaora Dhubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí gasúr beag ann ám amhain agus fuair a mháthair bás. Phós a áthair arais agus bhí an leás-mháthair go h-olc do’n ghasúr.
    Cuirfeadh sí amách é an uile mhaidin ag choimhead caorach agus é ‘na throsgadh. Acht ní rabh gár dí ca bíth droch íde a bhéarfadh sí dó bhí sé ag fás suas mór níos láidre agus i bhfad níos bréaghtha na clann s’aicí fein a bhí ag fághail a gcuid go maith.
    Caidé bhí acht an uile lá thigeadh caora dhúbh lé na chuid chuig an ghasúr agus ní bhíodh ocras ar bíth air bhí sé ag fághail a sháith.
    Thoisigh an leás-mháthair a choimhead agus caidé do bháramhail nach bhfacaidh sí an caora dhubh ag teacht chuige an uile lá agus rinne sí suas a h-intinn go mairbhfeadh sí an caora dhubh.
    An mhaidin sin bhí an caora i n-innibh innse do’n ghasúr go rabh sí fein lé márbhuigheadh an lá sin agus eisean cuimhnigheadh agus na cnámha uilig a chruinnigheadh.
    Mhárbhuigh an leás-mháthair an caora-dhubh agus chruinnigh an gasúr a cuid cnámha uilig mar d’iarr sí air acht bhí cnámh amháin nach bhfuair sé. Lá ar na bhárach thainig an caora-dhubh mar ba gnáthach léithí lé na chuid acht bhí sí ar trí chos anois. Nuair a chonnaic an leás-mháthair seo dháithin sí nach rabh sí ag deánamh an ceart agus bhí sí go maith dó’n ghasúr ó sin amách.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairéad Ní Giolla Easpuig
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Brighid Ní Giolla Easpuig
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    45
    Seoladh
    Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall