Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Liag
- XML Leathanach 66
- XML “Scéal - An tEallach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí muirín istigh i mBífan darbh ainm Mac Niallgais agus tá cuid dé’n dreám ann go fóill. Bhí siad go meásra laidir sa tsaoghail na bhí trí bhó bainne acú gan caint ar bólain na gamhna.
Bóitheach mór amhain a bhí acú agus bhí’n t-éallach uilig ceángailte ann acht ca bíth ceángail a chuirfeidh siad orthú bhí siad sgaoilte agus amitigh an uile mhaidin. Ní rabh gár ca bíth a dheánfadh siad bhí siad amuigh. Cuir siad glás ar an doras acht bhí siad amuigh an mhaidin sin agus bhí’n glás ar an doras i ríth an áma. Ní rabh fhios acú faoi’n spéir goidé mar fuair siad amách ní rabh dóigh ar bíth acú fághail amach acht ar poll beag a bhíodh siad ag cuir amách an t-aoileach air nuair a bhíodh siad ag cartughadh an bhoithigh agus ní bhfuigheadh madadh amách ar sin can amhain bó. D’amharc siad fa’n pholl agus cinnte go leór bhí na ribe annsin agus d’aithin siad gur na sídheógaí bhí ag imirt cleas orthú.
Go gairid na dhiaidh seo chaill siad bó indiaidh an bhó eile go dtí nach rabh aon bheáthadhach amhain acú sa bhóitheach.
Annsin tráthnóna amhain ga gabhal ó sholuis thainig bó mhór riabhach ag géimnigh go dtí’n dorais agus sheol siad ar siubhal ó’n teach í na shíl siad gur lé duine éigínteacht ar an Bhaile Árd í agus gurb(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cait Nic a' t Saoir
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Nic a' t Saoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall