Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Liag
- XML Leathanach 52
- XML “Scéal - An Sagart Óg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fad ó shoin bhí ministir gállda ann agus bhí mac amhain agus trí ingean aige. Nuair a bhí an mac ag éirigh aníos bhí án - dúil aige ins na caitliocaigh. Ba mhaith lé n-áthair ministir a dheánamh do cosamhail leis fein agus nuair a thainig ann cuireadh ar siubhal é lé fóghluim. Acht goidé rinne an mac acht a ghabhal fhóghluim a bheith ‘na Shagairt.
Bhí go maith go dtí go rabh sé na Shagairt agus é réidh lé theacht abhaile. Nuair a chualaidh a bhunadh go rabh sé ag teacht bhí án-lúthghair orthú roimh an ministir óg. Bhí gach uile seórt spíosóirí acú fa na choinne agus bhí pota feóla ar an teine agus goidé’n lá bhí ann acht an Aoine.
D’fiafraigh an Sagart Óg goidé bhí sa phota agus comh luath agus thóg sé cionn-sónnruigh dó chuaidh an pota ar mire ar an teine. Ní thiocfadh lé aon duine gábhail a chómhair agus ní rabh fhios acú goidé dheánfadh siad. Dúbhairt an Sagart sa deireadh “Goidé’n maith atá in do creideamh ma nach dtig leat an pota a shocrughadh Athair? Thug an ministir leis a leabhair agus thoisigh léigheamh os cionn an pota acht chuaidh sé ar mire bun barr annsin. “Anois, arsa seisean, ní minister mise ar comhair ar bíth acht Sagart (ag toiseacht agus ag innse deireadh), agus féachfaidh mise mó lámh anois”. Thug sé leis a leabhair agus thosaigh sé ag léigheamh agus ní rabh sé bomaite(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Treasa Ní Giolla Easpuig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Giolla Easpuig
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall