Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Liag
- XML Leathanach 23
- XML “Scéal Eile fá Loch Onna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tuairim leith-chead bliadhan ó shoin bhí fear as Teidhleann i bhfos i gCurrantaigh Searc ag obair lé mónadh. Seán Dubh Mac Giolla Ceárr an t-ainm a bhí air.
‘San ám seo bhíodh bád ar loch Uanna fa choinne na h-uaisle, a bhíodh ag fanacht sa teach Oiste ar an Charraic, lé bhéith bádóireacht.
Feár mór báid a bhí i Seán cosamhail lé bunadh Teidhlinn uilig agus dar leis go ráchfadh sé amách ar an loch tamall sa bhád. Ní rabh sé acht istigh sa bhád nuair a léim sé amách.
Nuair a d’amharc Seán sa loch chonnaic sé iasg mór na péist mór nach bhfacaidh sé a leithid ariamh, a cheann ag cionn amhain dé’n loch agus a ruball a nochtughadh ag cionn eile. Dfágfadh sin an iasg mádramhail seo trí-ceádhramhadh mile ar fad.
Go gairid na dhiaidh seo chaining án-tuile agus d’imtig an iasg síos na fairrge leis an tuile. Bhí sé comh leáthan gur stroc sé a thaobhannaí ar a ghabhail síos do, na bhí a chuid feola ar dha bhruach na h-abhna lé feicealt.- Bailitheoir
- Proinnseas Mac Giolla Easpuig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín na bhFachrán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Mac Giolla Easpuig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Mín na bhFachrán, Co. Dhún na nGall