Scoil: Sliabh Liag

Suíomh:
Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Caitlín Nic An tSaoir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 61

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 61

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Liag
  2. XML Leathanach 61
  3. XML “Scéal - Waterloo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a throideadh Cath Waterloo ghlac sé támall fáda sgéul an cátha theacht go Gleanncoluimcille agus seo an rud a rinne Séimín O’Coinnea indiaidh cluinstin fa’n chath.
    Bhí Séimín na fhear mhór urradhanta láidir mar bhí a mbunadhas san ám seo. Bhí sé na phóiteóiri mhór fosda. Ní rabh “garsaí” ar bíth i nGleánn san ám na moran iomra orthú. Isteach ó’n fairrge thigeadh tóir an phóitín. Thigeadh bád mór leobhtha agus annsin thigeadh siad isteach i mbád beag ‘na Pholl Gorm. Sguabadh siad iomlan an Gleánna annsin.
    An lá thainig sgéula ‘soir Seimín ar an Clochan go rabh an bád amuigh. Clochan baile beag taobh ó thuaidh dé’n Gleánn an Ait a bhí Séimín na chómhnuidhe. Bhí sé deánamh réidh lé braon maith poitín a dheánamh agus nuair a thainig an sgéula bhí gach rud lé cuir i bhfolach ag Séimidh agus gan aon duine aige lé cuideadh leis. Cheana fein bhí na saighdiúirí ar an Bhaile-Árd agus achan bhomaite bhí siad ag teacht níos comhgaire.
    Bhí an t-án deifre agus sputar ar Séimín agus caidé tharla acht thuit sé síos i bpota na h-áithche agus geárradh uilig fa’n éadan é.
    ‘Na dhiadh sin ‘r uilig bhí deireadh i bhfolach ag Séimidh agus é in a sheásamh ag doras a thíghe nuair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Nic a' t Saoir
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Mac g Fionnlaoich
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    An Fhothair, Co. Dhún na nGall