Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an chéad gasúr é.
Nuair a chualaidh an bhean seo bhí an fhearg uirthí agus smaoitigh sí ar cleas. Taisbean sí do’n gasúr an dóig le cardaí a imhirt, ach níor taisbean sí an dóig cearc dó. Oidhche amháin d’fiafruigh sí don gasúr ar maith leis cluithche cardaí a imirt. Dubhairt seisean gur maith. Sul ar thoisigh siad ar an chluithche dubhairt sise go gcuirfead gach duine aca gealltanas a thabhairt don duine eile go ndeanfadh, cia bith aca a bhainfeadh a cead cluithche, rud ar bith a d’iarradh an duine eile air a dhéanamh.
Thoisigh síad ag imirt agus bhain an leas-mathair an cluithche. Anois ar sise: “Tá capall bréag ins an domhain thoir agus caithfidh tusa é a fhághail domhsa”. D’imthigh an ghasúr leis agus lá amháin casadh fear beag air. Bhí an oidhche ag teacht agus d’fiafruigh an gasúr don fhear ar rabh áit ar bith a dtiocfadh leis loisdín na h-oidhche a fhághail. Dubhairt an fear beag nach rabh duine ar bith in a chomhnuidhe leis ach é fhéin agus go dtabharfadh sé loisdín do. D’fhan sé ann an oidhche sin, agus d’innis sé an sgéal iomlán don fhear beag.
D’innis an fear beag do go dteachadh sé féin ar lorg an chapaill céadna ach gur theip air é a fhághail. “Ach rachaidh mise go dtí an áit nuair a bhéas tusa imtighthe tamall”, arsan fear beag. “Ach biód fhios agat go bhfuil mórán cloig thart fán beathach, agus nuair a rachas tusa isteach sa stábla buailfidh na cloig uilig, agus tiocfaidh na saighdiuirí ort. Beirfidh siad ort agus innseochaidh siad duit(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire B. Nic Cuinneagain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Sean Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Na Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall