Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 174
- XML “Tiomna an Ghréasaí”
- XML “Na Cearca”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chur I sean phrios go mbéadh an tiomna deanta aige san. Bhí sise sásta le sin agus tháinig an dligheadóir. B’éigean don bhean a fhanacht sa chistineach go mbeadh an tiomna deánta ag a fhear. Rinneadh an tiomna agus cuireadh an fear lá thar na bharach.
Nuair a bhi sé curtha leígh an dligheadóir amach an tiomna agus dubhairt sé go rabh fiche púnta ag an fhear, agus gur fhág sé cúig púnta ag an uile inghean, agus cúig phúnta dó’n dligheadóir ar son a thrioblóid. Dubhairt sé fósta go rabh gréasaidhe beag ‘na chomnuidhe ar ceithre acraí de’n talamh le fada, agus gur fhagsé an teach agus na ceithre acraí aige, agus an méid a bhí fághtha gur fhág sé ag a bhean é.
Nuair a chualaidh an bhean seo bhí sí ar mire ach caidé thiocfadh léithe a dheánamh, nó d’innis an greasaidhe dithe dá n-innseochadh sí an sgéal go gcrochfad an bheirt aca. - Na cearca.
Bhí fear ann aon uair amháin, agus d’iarr sé ar fhear eile a theacht chuig dinneár. Annsin d’iarr sé ar an cailín aimsire dhá chearc a rósadh. Nuair a bhí siad rósta bhlas sí ceann aca go bfeicfeadh sí caidé má’s rinne sí iad. D’íth sí giota indiaidh an giota eile go rabh sí uilig ithte aice. Annsin bhain sí an cos de’n ceann eile agus chá rabh sí i bhfad go rabh an ceann sin ithte aice fósta.
Le sin tháinig fear bocht isteach agus d’iara an cailín air a beith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Nic Amhlaoidh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Sean Mac Amhlaoidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall