Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)

Suíomh:
Fionntrá, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 176

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 176

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fionn-Tráigh
  2. XML Leathanach 176
  3. XML “Bhí an Capall ar Meisce”
  4. XML “An Gadaí Dubh leis féin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    tuit sé agus síl an fear gur marbh a bhí sé. Bhain se an croicheann de, agus fuair se deich bpúnta air ins na Cealla ar a bealach na baile. Nuair a cuaidh sé abhaile agus d’innis do bhean caidé mar bhí, bhí an bhron uirthe-sa fósta. Chaoin an bheirt aca.
    Acht ní rabh an capall marbh ar comhair ar bith. Fá cionn tamaill d’éirigh sé. D’ol seisean cuid de’n phoitín fosda. Chuaidh sé ar meisge. Anonn san oidhche cualaidh an sean lánamhan cállán, agus ar maidín nuair a mhusgáil siad caidé connaic siad acht an capall gan croicheann ar bith. Chuaidh an bhean suas an cnoc fuair mólt bhain an olann (croich-eann) de, agus chuir ar an capall é. Bhainfeadh siad Iomair olann de gach bliadhain na dhiaidh sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. An gaduidhe dubh leis fhéin.
    Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé pósta. Ní rabh ach mac amháin aca agus nuair a bhí sé trí bliadhna déag d’aois fuair a mháthair bás. Phós an t-athair ath-uair, agus ní rabh an leas-mháthair maith don cead ghasur, ach bhí sí maith do’n ghasúr a bhí aicí fhéin.
    Bhí sean chailleach na gcearc ‘na comhnuidhe thart fán bhaile céadna, agus lá amháin d’fiafruigh sí don chailleach cia aca de na mic a gheohfad an talamh dá bhfuigfeadh an t-áthair bás. Dubhairt an cailleach go rabh sí cinnte go bhfuighfeadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0953: The Old Robber Relates Three Adventures
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire B. Nic Cuinneagain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Fionntrá, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Sean Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Na Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall