Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)

Suíomh:
Fionntrá, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 173

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 173

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fionn-Tráigh
  2. XML Leathanach 173
  3. XML “Fear nár Fhoghlaim an Teagasc Críostaí”
  4. XML “Tiomna an Ghréasaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus trí pearsa”, arsan fhear. “An Dia an (sagart) t-athair”, arsan sagart. “Seadh”, arsan fhear. “An Dia an mac”, arsan sagart. “Seadh”, arsan fhear. “An Dia an Spiorad Naomh”, arsan sagart. “Creidim go beadh”, arsan fhear.
    “Nach sin trí deithe”, arsan sagart. “Catorra béidh sé ní bhainfidhmid daobhtha”, arsan fear.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tiomna an Ghréashaidhe.
    Bhí fear aon uair amháin agus bhí gabhaltas talaimh aige. Bhí greasaidhe ‘na chomhnuidhe i dteach bheag ar ceithre acraí den talamh céadna. Bhí trí ingeanacha ag an fhear ach bhí siad pósta. B’eigean do, cailín aimsire a fhághail annsin. Nuair a bhí an cailín aimsire tamall aige fuair a bean bás.
    Ní rabh fhios aige caidé b’fhear do a dheánamh agus cuaidh sé fhad leis an ghréasaidhe a d’iarraidh comhairle, agus d’iarr an ghréasaidhe air an cailín aimsire a phósadh. Pósadh iad, ach ní rabh siad i bhfad pósta go bhfuair an seanduine bás.
    San ám sin nuair a bhfuigeadh an fear bás geobhadh an bhean cúig phúnta ar son an eile bhliadhain a bhí siad pósta. Ní rabh sise pósta ach dhá bhliadhain agus ní bhéadh ach deich bpúnta le fagháil aigí. Nuair a bhí an fear ag fagáil bháis ní dhearn sé tiomna ar bith.
    Chuaidh sise fhad leis an gréasaidhe agus d’innis sí an sgell dó. Dubhairt seisean go rachadh sé fhéin isteach ins an leabaidh agus go dtiocfadh léithe an fear eile a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire B. Nic Cuinneagáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Fionntrá, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Sean Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Na Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall