School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fintragh, Co. Donegal
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 177

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 177

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 177
  3. XML “An Gadaí Dubh leis féin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an chéad gasúr é.
    Nuair a chualaidh an bhean seo bhí an fhearg uirthí agus smaoitigh sí ar cleas. Taisbean sí do’n gasúr an dóig le cardaí a imhirt, ach níor taisbean sí an dóig cearc dó. Oidhche amháin d’fiafruigh sí don gasúr ar maith leis cluithche cardaí a imirt. Dubhairt seisean gur maith. Sul ar thoisigh siad ar an chluithche dubhairt sise go gcuirfead gach duine aca gealltanas a thabhairt don duine eile go ndeanfadh, cia bith aca a bhainfeadh a cead cluithche, rud ar bith a d’iarradh an duine eile air a dhéanamh.
    Thoisigh síad ag imirt agus bhain an leas-mathair an cluithche. Anois ar sise: “Tá capall bréag ins an domhain thoir agus caithfidh tusa é a fhághail domhsa”. D’imthigh an ghasúr leis agus lá amháin casadh fear beag air. Bhí an oidhche ag teacht agus d’fiafruigh an gasúr don fhear ar rabh áit ar bith a dtiocfadh leis loisdín na h-oidhche a fhághail. Dubhairt an fear beag nach rabh duine ar bith in a chomhnuidhe leis ach é fhéin agus go dtabharfadh sé loisdín do. D’fhan sé ann an oidhche sin, agus d’innis sé an sgéal iomlán don fhear beag.
    D’innis an fear beag do go dteachadh sé féin ar lorg an chapaill céadna ach gur theip air é a fhághail. “Ach rachaidh mise go dtí an áit nuair a bhéas tusa imtighthe tamall”, arsan fear beag. “Ach biód fhios agat go bhfuil mórán cloig thart fán beathach, agus nuair a rachas tusa isteach sa stábla buailfidh na cloig uilig, agus tiocfaidh na saighdiuirí ort. Beirfidh siad ort agus innseochaidh siad duit
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0953: The Old Robber Relates Three Adventures
    Language
    Irish
    Collector
    Máire B. Nic Cuinneagain
    Gender
    Female
    Address
    Fintragh, Co. Donegal
    Informant
    Sean Ó Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Killybegs, Co. Donegal