School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)
- Location:
- Fintragh, Co. Donegal
- Teacher: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fionn-Tráigh
- XML Page 173
- XML “Fear nár Fhoghlaim an Teagasc Críostaí”
- XML “Tiomna an Ghréasaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus trí pearsa”, arsan fhear. “An Dia an (sagart) t-athair”, arsan sagart. “Seadh”, arsan fhear. “An Dia an mac”, arsan sagart. “Seadh”, arsan fhear. “An Dia an Spiorad Naomh”, arsan sagart. “Creidim go beadh”, arsan fhear.
“Nach sin trí deithe”, arsan sagart. “Catorra béidh sé ní bhainfidhmid daobhtha”, arsan fear. - Tiomna an Ghréashaidhe.
Bhí fear aon uair amháin agus bhí gabhaltas talaimh aige. Bhí greasaidhe ‘na chomhnuidhe i dteach bheag ar ceithre acraí den talamh céadna. Bhí trí ingeanacha ag an fhear ach bhí siad pósta. B’eigean do, cailín aimsire a fhághail annsin. Nuair a bhí an cailín aimsire tamall aige fuair a bean bás.
Ní rabh fhios aige caidé b’fhear do a dheánamh agus cuaidh sé fhad leis an ghréasaidhe a d’iarraidh comhairle, agus d’iarr an ghréasaidhe air an cailín aimsire a phósadh. Pósadh iad, ach ní rabh siad i bhfad pósta go bhfuair an seanduine bás.
San ám sin nuair a bhfuigeadh an fear bás geobhadh an bhean cúig phúnta ar son an eile bhliadhain a bhí siad pósta. Ní rabh sise pósta ach dhá bhliadhain agus ní bhéadh ach deich bpúnta le fagháil aigí. Nuair a bhí an fear ag fagáil bháis ní dhearn sé tiomna ar bith.
Chuaidh sise fhad leis an gréasaidhe agus d’innis sí an sgell dó. Dubhairt seisean go rachadh sé fhéin isteach ins an leabaidh agus go dtiocfadh léithe an fear eile a(continues on next page)- Collector
- Máire B. Nic Cuinneagáin
- Gender
- Female
- Address
- Fintragh, Co. Donegal
- Informant
- Sean Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Killybegs, Co. Donegal